Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hag 1:5-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Dá bhrí sin labhraíonn Tiarna na Slua mar a leanas: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.

6. Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”

7. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.

8. In airde libh ar na cnoic! Beirigí adhmad libh ar ais! Atógaigí an Teampall! Bainfidh mé taitneamh as ansin agus taispeánfaidh mé mo ghlóir ann, a deir an Tiarna.

9. Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin.

10. Sin é an fáth a gcoinníonn na spéartha thuas an drúcht uaibh agus a gceileann an talamh a chuid torthaí oraibh.

11. Táim tar éis triomach a ghlaoch anuas ar an talamh, ar na cnoic, ar an arbhar, ar an úrfhíon, ar an ola, ar thorthaí uile na talún, ar na daoine agus ar na beithígh agus ar a saothar go léir!”

Léigh chaibidil críochnaithe Hag 1