Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Hag 1:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas:

2. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Deir an pobal seo: Níor tháinig an t‑am fós chun Teampall an Tiarna a tógáil.”

3. Ansin labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí mar a leanas:

4. “An mithid daoibhse mar sin cónaí in bhur dtithe painéalta agus an teach seo ina fhothrach?”

5. Dá bhrí sin labhraíonn Tiarna na Slua mar a leanas: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.

6. Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”

7. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.

8. In airde libh ar na cnoic! Beirigí adhmad libh ar ais! Atógaigí an Teampall! Bainfidh mé taitneamh as ansin agus taispeánfaidh mé mo ghlóir ann, a deir an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Hag 1