1. Guí Habacúc, an fáidh; de réir fhonn na gcaointe.
2. Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí;a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm.Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féinnocht dúinn í athuair.D'ainneoin tú a bheith suaite le feargcuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.
3. Tá Dia ag teacht as Téamán,agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. SelahFolaíonn a mhaorgacht na spéarthaagus líontar an talamh dá ghlóir.
4. Is cosúil leis an solas a dhealramh;as a lámha bladhmann gathanna gealáin.Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt.
5. Ar a aghaidh amach gabhann an phlá;tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála.
6. Nuair a sheasann sé critheann an talamh.Le leagan a shúl croitear na náisiúin.Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit;cromann na beanna bithbhuana síos,a sheanbhealaí riamh anall.
7. Feicim bothanna Chúiseáin ar lár,agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.
8. An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna?An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh,go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill,nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?