Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Habacúc 1:8-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Tá a gcapaill níos mire ná liopaird;is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe.Siúd ar aghaidh lena n‑eachra ar cosa in airde;is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad,ar nós iolair a thugann ruathar anuaschun a chreach a alpadh.

9. Chun foréigean a dhéanamha thagann siad go léir;tá dianteas a n‑aghaidheanna mar an ghaoth anoir;cruinníonn siad cimí le chéile mar ghaineamh.

10. Is cine iad a dhéanann fonóid faoi ríthe,agus gáire faoi phrionsaí,agus beag is fiú den uile dhún.Carnann siad cré ina dtimpeallagus gabhann siad seilbh orthu.

11. Ach ansin athraíonn an ghaothagus titeann sí chun suaimhnis.[Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin.

12. Nach bhfuil tú ann riamh anall, a Thiarna,A Dhia liom, m'Aon Naofa,nach bhfaigheann bás choíche?Tá an pobal seo ceaptha agat ar son an chirt;chuir tú ar bun é, a charraig,chun díoltas a imirt.

Léigh chaibidil críochnaithe Habacúc 1