Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Habacúc 1:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Oracal a fuair Habacúc, an fáidh, i bhfís.

2. Cá fhad eile, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch ortagus nach n‑éistfidh tú liomnó ag éamh “Foréigean!”agus nach bhfuasclóidh tú sinn?

3. Cad chuige nach dtaispeánann tú domach an urchóid amháin?Cén fáth a mbíonn tú féinag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom?Déantar slad agus foréigean os mo chomhairagus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.

4. Sin é an fáth a ndéantar faillí sa dlíagus nach bhfeictear an chóirá déanamh choíche.Óir faigheann an drochdhuinean ceann is fearr ar an bhfíréanagus dá dheasca sin cuirtear an chóir as a riocht.

5. Féachaigí ar na náisiúin agus breathnaígí orthu,agus bíodh ionadh agus alltacht oraibh.Óir tá obair á déanamh le bhur linnnach gcreidfeadh sibh é dá n‑inseofaí daoibh é.

6. Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam,an cine fíochmhar fraochmhar úd,a ghluaiseann thar chlár na talúnchun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad.

7. Cine uamhnach uafásach is ea iada dtagann a ndlíthe agus a n‑ardcheannas uathu féin amháin.

8. Tá a gcapaill níos mire ná liopaird;is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe.Siúd ar aghaidh lena n‑eachra ar cosa in airde;is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad,ar nós iolair a thugann ruathar anuaschun a chreach a alpadh.

9. Chun foréigean a dhéanamha thagann siad go léir;tá dianteas a n‑aghaidheanna mar an ghaoth anoir;cruinníonn siad cimí le chéile mar ghaineamh.

10. Is cine iad a dhéanann fonóid faoi ríthe,agus gáire faoi phrionsaí,agus beag is fiú den uile dhún.Carnann siad cré ina dtimpeallagus gabhann siad seilbh orthu.

11. Ach ansin athraíonn an ghaothagus titeann sí chun suaimhnis.[Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Habacúc 1