Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 9:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bheannaigh an Tiarna Naoi agus a chlann mhac agus dúirt sé leo: “Bíodh an rath oraibh, téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh.

2. Bíodh scéin agus eagla romhaibh ar na hainmhithe allta go léir, ar éanlaith an aeir go léir, ar gach a shníonn ar talamh, agus ar iasc na farraige go léir; faoi bhur lámha a cuireadh iad go léir.

3. Gach dúil bheo ina bhfuil lúth, bídís agaibh mar bhia, chomh maith leis na luibheanna glasa. Tugaim gach ní daoibh,

4. ach ná hithigí feoil ina bhfuil an t‑anam, sé sin an fhuil.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 9