Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 8:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Faoi chionn daichead lá d'oscail Naoi an fhuinneog a bhí déanta aige san áirc

7. agus scaoil uaidh amach an fiach dubh. D'imigh seisean leis agus bhí ag guardal thart go dtí gur thriomaigh na huiscí den talamh.

8. Ansin scaoil sé colm uaidh amach féachaint ar thráigh na tuilte de dhroim na talún.

9. Ach ní bhfuair an colm aon áit ar a leagfadh sé a chos agus d'fhill sé ar ais air san áirc, mar bhí na huiscí ar uachtar na talún ar fad fós. Chuir [Naoi] a lámh amach, rug greim air agus thug ar ais isteach san áirc é.

10. Tar éis moill seacht lá eile ansin, scaoil sé an colm amach as an áirc arís.

11. Agus d'fhill an colm ar ais air tráthnóna, agus féach! bhí craobh úr olóige ina ghob. Thuig Naoi ansin go raibh na huiscí tráite ón talamh.

12. D'fhan sé seacht lá eile, mar sin, agus scaoil an colm uaidh arís; agus níor fhill sé air a thuilleadh.

13. Sa bhliain sé chéad agus a haon d'aois Naoi, ar an gcead mhí, ar an gcéad lá den mhí is ea a triomaíodh na huiscí den talamh, agus d'oscail Naoi comhla na háirce, agus d'fhéach amach. Bhí clár na talún tirim!

14. Sa dara mí, ar an seachtú lá fichead den mhí, bhí an talamh tirim.

15. Agus dúirt Dia le Naoi:

16. “Amach leat as an áirc! tú féin agus do chlann mhac, agus mná do mhac mar aon leat!

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 8