17. Beir leat amach a bhfuil farat d'ainmhithe, an uile ní d'fheoil idir éanlaith agus ainmhithe agus phéisteanna a shníonn ar talamh. Téidís i líonmhaire ar talamh; bíodh toradh orthu agus síolaidís ar talamh.”
18. Tháinig Naoi amach mar sin agus a chlann mhac, a bhean agus mná a mhac.
19. Agus na hainmhithe allta go léir, agus an t‑eallach go léir, an éanlaith go léir, agus na péisteanna go léir a shníonn ar talamh, amach leo as an áirc, cineál ar chineál.
20. Agus rinne Naoi altóir don Tiarna, agus thoirbhir sé mar íobairt dhóite ar an altóir a rogha féin de na hainmhithe glana agus den éanlaith ghlan.
21. Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.
22. Fad a bheidh an talamh ann,ní rachaidh stad arísar shíolchur ná ar fhómhar,ar fhuacht ná ar theas,ar shamhradh ná ar gheimhreadh,ar lá ná ar oíche.”