Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 8:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí.

2. Dúnadh toibreacha an duibheagáin agus comhlaí uisce neimhe: coisceadh an fhearthainn ó neamh.

3. Chúlaigh na huiscí ón talamh de réir a chéile; faoi chionn céad go leith lá bhí na huiscí tráite.

4. Sa seachtú mí, ar an seachtú lá déag den mhí sin, luigh an áirc ar shléibhte Ararat.

5. Bhí na huiscí ag trá leo go dtí an deichiú mí; agus sa deichiú mí, ar an gcéad lá den mhí, nocht mullaí na sleibhte.

6. Faoi chionn daichead lá d'oscail Naoi an fhuinneog a bhí déanta aige san áirc

7. agus scaoil uaidh amach an fiach dubh. D'imigh seisean leis agus bhí ag guardal thart go dtí gur thriomaigh na huiscí den talamh.

8. Ansin scaoil sé colm uaidh amach féachaint ar thráigh na tuilte de dhroim na talún.

9. Ach ní bhfuair an colm aon áit ar a leagfadh sé a chos agus d'fhill sé ar ais air san áirc, mar bhí na huiscí ar uachtar na talún ar fad fós. Chuir [Naoi] a lámh amach, rug greim air agus thug ar ais isteach san áirc é.

10. Tar éis moill seacht lá eile ansin, scaoil sé an colm amach as an áirc arís.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 8