18. Bhorr agus d'at na huiscí go tréan agus bhí an áirc ar snámh ar uachtar na n‑uiscí.
19. D'ardaigh agus d'ardaigh na huiscí ar talamh i dtreo gur folaíodh na sléibhte arda go léir faoin spéir.
20. D'éirigh an t‑uisce cúig bhanlámh déag suas thar na sléibhte a d'fholaigh sé.
21. D'éag an uile fheoil dár chorraigh ar talamh - idir éanlaith agus eallach, agus ainmhithe allta agus na dúile go léir a shníonn ar talamh, agus na daoine go léir.
22. Agus an uile ní ar talamh tirim ina raibh anáil na beatha trína pholláirí, fuair sé bás.
23. Scrios [an Tiarna] an uile dhúil bheo dá raibh ar chlár na talún - daoine agus ainmhithe, péisteanna agus éanlaith an aeir; scuab sé de dhroim na talún iad agus níor fágadh ach Naoi agus a raibh fairis san áirc.