Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 7:16-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Chuaigh isteach, más ea, fireannach agus baineannach den uile chineál is feoil, mar a d'ordaigh Dia dó. Agus dhún an Tiarna an doras ar Naoi.

17. Mhair an díle daichead lá ar an talamh. Mhéadaigh ar na huiscí agus d'ardaíodar an áirc agus tógadh suas os cionn na talún í.

18. Bhorr agus d'at na huiscí go tréan agus bhí an áirc ar snámh ar uachtar na n‑uiscí.

19. D'ardaigh agus d'ardaigh na huiscí ar talamh i dtreo gur folaíodh na sléibhte arda go léir faoin spéir.

20. D'éirigh an t‑uisce cúig bhanlámh déag suas thar na sléibhte a d'fholaigh sé.

21. D'éag an uile fheoil dár chorraigh ar talamh - idir éanlaith agus eallach, agus ainmhithe allta agus na dúile go léir a shníonn ar talamh, agus na daoine go léir.

22. Agus an uile ní ar talamh tirim ina raibh anáil na beatha trína pholláirí, fuair sé bás.

23. Scrios [an Tiarna] an uile dhúil bheo dá raibh ar chlár na talún - daoine agus ainmhithe, péisteanna agus éanlaith an aeir; scuab sé de dhroim na talún iad agus níor fágadh ach Naoi agus a raibh fairis san áirc.

24. Ar feadh céad go leith lá bhí an lámh in uachtar ag na huiscí ar an talamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 7