1. Ansin dúirt an Tiarna le Naoi: “Gabh isteach san áirc, tusa agus do theaghlach go léir, óir is tú amháin den ghlúin seo, i mo bhreithse, a fheicim atá fíréanta.
2. Beir leat de na hainmhithe glana seacht gcúpla, an fireann agus an baineann, de gach cineál; agus de na hainmhithe neamhghlana cúpla, fireannach agus baineannach;
3. agus d'éanlaith an aeir chomh maith seacht gcúpla, an fireann agus an baineann, de gach cineál, d'fhonn a gcineál a choimeád beo ar chlár na talún.
4. Óir faoi chionn seacht lá seolfaidh mé uiscí ar talamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche; agus scriosfaidh mé gach dúil bheo dá ndearna de chlár na talún.”
5. Agus rinne Naoi ar ordaigh an Tiarna dó.
6. Bhí Naoi sé chéad bliain nuair a tháinig na huiscí díleann ar an talamh.
7. Chuaigh Naoi agus a chlann mhac agus a bhean agus mná a mhac in éineacht leis isteach san áirc ag teitheadh ó uiscí na díleann.