Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 7:1-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin dúirt an Tiarna le Naoi: “Gabh isteach san áirc, tusa agus do theaghlach go léir, óir is tú amháin den ghlúin seo, i mo bhreithse, a fheicim atá fíréanta.

2. Beir leat de na hainmhithe glana seacht gcúpla, an fireann agus an baineann, de gach cineál; agus de na hainmhithe neamhghlana cúpla, fireannach agus baineannach;

3. agus d'éanlaith an aeir chomh maith seacht gcúpla, an fireann agus an baineann, de gach cineál, d'fhonn a gcineál a choimeád beo ar chlár na talún.

4. Óir faoi chionn seacht lá seolfaidh mé uiscí ar talamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche; agus scriosfaidh mé gach dúil bheo dá ndearna de chlár na talún.”

5. Agus rinne Naoi ar ordaigh an Tiarna dó.

6. Bhí Naoi sé chéad bliain nuair a tháinig na huiscí díleann ar an talamh.

7. Chuaigh Naoi agus a chlann mhac agus a bhean agus mná a mhac in éineacht leis isteach san áirc ag teitheadh ó uiscí na díleann.

8. Na hainmhithe glana agus neamhghlana, an éanlaith agus gach a sníonn ar talamh,

9. chuaigh dhá cheann de gach cineál díobh, fireann agus baineann isteach san áirc le Naoi, de réir mar d'ordaigh Dia do Naoi.

10. Agus tar éis seacht lá tháinig uiscí na díleann ar an talamh.

11. Sa bhliain sé chéad d'aois Naoi, sa dara mí, agus sa seachtú lá déag den mhí sin - an lá sin féin phléasc toibreacha uile an duibheagáin mhóir, agus osclaíodh comhlaí uisce neimhe.

12. Bhí sé ag fearthainn ar an talamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche.

13. An lá sin féin is ea a chuaigh Naoi isteach san áirc lena mhic Séam, Hám agus Iáfat, agus triúr ban a mhac,

14. agus in éineacht leo gach ainmhí de réir a gcineáil, an t‑eallach go léir de réir a gcineáil, gach péist a shníonn ar talamh de réir a gcineáil, an éanlaith go léir de réir a gcineáil, gach éan de gach sórt.

15. Chuaigh isteach san áirc le Naoi cúpla ar chúpla de gach feoil ina bhfuil anáil na beatha.

16. Chuaigh isteach, más ea, fireannach agus baineannach den uile chineál is feoil, mar a d'ordaigh Dia dó. Agus dhún an Tiarna an doras ar Naoi.

17. Mhair an díle daichead lá ar an talamh. Mhéadaigh ar na huiscí agus d'ardaíodar an áirc agus tógadh suas os cionn na talún í.

18. Bhorr agus d'at na huiscí go tréan agus bhí an áirc ar snámh ar uachtar na n‑uiscí.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 7