Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 6:12-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. D'fhéach Dia ar an talamh agus, féach, bhí sé truaillithe, óir thruailligh an uile fheoil a slí ar talamh.

13. Dúirt Dia le Naoi: “Chinn mé deireadh a chur leis an uile fheoil, óir tá an talamh lán d'fhoréigean dá mbarr. Féach, scriosfaidh mé iad agus an talamh mar aon leo.

14. Déan áirc duit féin de chrann gófar; déan seomraí inti agus cuir brat pice uirthi laistigh agus lasmuigh.

15. Seo é an tomhas ar a ndéanfaidh tú í: Fad na háirce trí chéad banlámh; a leithead caoga banlámh, agus a hairde deich mbanlámh fichead.

16. Déan díon don áirc agus é banlámh ina stuaic. Cuir doras na háirce ina taobh; déan trí boird inti: bord íochtair, bord láir agus bord uachtair.

17. Féach, tabharfaidh mé díle liom agus seolfaidh mé na huiscí ar an talamh chun an uile fheoil faoin spéir ina bhfuil anáil na beatha a scrios; caillfear a bhfuil ar talamh.

18. Ach daingneoidh mé mo chonradh leatsa. Téighse isteach san áirc, tú féin, do chlann mhac, do bhean, agus mná do mhac in éineacht leat.

19. Agus an uile dhúil bheo agus an uile fheoil, tabhair leat cúpla de gach cineál díobh isteach san áirc le coimeád beo farat; fireann agus baineann ní foláir iad a bheith.

20. An éanlaith de réir a gcineáil, ainmhithe uile na talún de réir a gcineáil, péisteanna uile na talún de réir a gcineáil, rachaidh cúpla díobh isteach san áirc in éineacht leat le coimeád beo.

21. Agus tabhair leat chomh maith gach sort bia dá n‑itear agus cuir i dtaisce é agus beidh sé mar bhia agatsa agus acusan.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 6