5. Mhair Ádhamh naoi gcéad agus a tríocha bliain ar fad; ansin fuair sé bas.
6. Nuair a bhí Séat céad agus a cúig bliana d'aois ghin sé Eanóis,
7. agus mhair sé ocht gcéad agus a seacht mbliana tar éis Eanóis a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
8. Mhair Séat naoi gcéad agus dosaen bliain ar fad; ansin fuair sé bás.
9. Nuair a bhí Eanóis nócha bliain d'aois, ghin sé Céanán,
10. agus mhair sé ocht gcéad agus cúig bliana déag tar éis Céanán a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
11. Mhair Eanóis naoi gcéad agus a cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.
12. Nuair a bhí Céanán deich mbliana agus trí fichid, ghin sé Mahalalael.
13. Mhair Céanán ocht gcéad agus a daichead bliain tar éis Mahalalael a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
14. Mhair Céanán naoi gcéad agus a deich mbliana ar fad; ansin fuair sé bás.
15. Nuair a bhí Mahalalael cúig bliana agus trí fichid ghin sé Iárad.
16. Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a tríocha bliain tar éis Iárad a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
17. Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a nócha cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.
18. Nuair a bhí Iárad céad agus a seasca dó bliain d'aois, ghin sé Eineoc
19. agus mhair sé ocht gcéad bliain tar éis Eineoc a ghiniúint, agus ghin sé mic agus iníonacha.
20. Mhair Iárad naoi gcéad agus seasca dó bliain ar fad; ansin fuair sé bás.