22. Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Mhair sé trí chéad bliain tar éis Matúsalach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
23. Mhair Eineoc trí chéad agus a seasca cúig bliana ar fad.
24. Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Ansin d'imigh sé as radharc daoine, óir rug Dia leis é.
25. Nuair a bhí Matúsalach céad agus a hochtó seacht bliain d'aois ghin sé Láimic.
26. Mhair Matúsalach seacht gcéad agus a hochtó dó bliain tar éis Láimic a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.
27. Mhair Matúsalach naoi gcéad agus a seasca naoi mbliana ar fad; ansin d'éag sé.
28. Nuair a bhí Láimic dhá bhliain agus ceithre fichid, ghin sé mac
29. agus thug sé Naoi air, mar a dúirt sé: “Seo duine a thabharfaidh sólás dúinn ón talamh, ar ar chuir an Tiarna a mhallacht, agus sinn i mbun ár saothair agus ár n‑oibre.”
30. Mhair Láimic cúig céad agus a nócha cúig bliain tar éis Naoi a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
31. Mhair Láimic seacht gcéad agus seachtó seacht bliain ar fad; ansin fuair sé bás.
32. Nuair a bhí Naoi cúig chéad bliain d'aois ghin sé Séam, Hám agus Iáfat.