Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 5:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Leabhar na nginealach ó Ádhamh anseo: An lá a chruthaigh Dia Ádhamh, rinne sé é ar chosúlacht Dé.

2. Fireann agus baineann a chruthaigh sé iad. Bheannaigh sé iad agus thug an t‑ainm An Duine orthu an lá a cruthaíodh iad.

3. Nuair a bhí Ádhamh céad agus a tríocha bliain d'aois rugadh mac dó ar a dheilbh agus ar a chosúlacht féin, agus thug sé Séat air.

4. Mhair Ádhamh ocht gcéad bliain tar éis Séat a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.

5. Mhair Ádhamh naoi gcéad agus a tríocha bliain ar fad; ansin fuair sé bas.

6. Nuair a bhí Séat céad agus a cúig bliana d'aois ghin sé Eanóis,

7. agus mhair sé ocht gcéad agus a seacht mbliana tar éis Eanóis a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

8. Mhair Séat naoi gcéad agus dosaen bliain ar fad; ansin fuair sé bás.

9. Nuair a bhí Eanóis nócha bliain d'aois, ghin sé Céanán,

10. agus mhair sé ocht gcéad agus cúig bliana déag tar éis Céanán a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 5