Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 48:9-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. “Sin iad,” arsa Iósaef lena athair, “mo mhic-sé, a bhronn Dia anseo orm.” Agus dúirt seisean: “Tabhair anseo i leith chugam iad, le do thoil, go gcuirfidh mé mo bheannacht orthu.”

10. Bhí scáthshúilí ar Iosrael leis an aois i dtreo nach raibh radharc aige orthu. Thug Iósaef níos cóngaraí dó iad dá bhrí sin agus phóg sé an bheirt agus ghlac chuige ina ucht iad.

11. Agus dúirt Iosrael le Iósaef: “Ní raibh aon súil agam go bhfeicfinn do ghnúis arís, ach seo é Dia á dheonú dom do chlann a fheiceáil chomh maith.”

12. Ansin thóg Iósaef an bheirt mhac óna ghlúine chuige féin, agus shléacht sé go talamh.

13. Agus rug Iósaef orthu araon, ar Eafráim ina láimh dheas i dtreo go raibh sé ar chlé Iosrael, agus ar Mhanaise ina láimh chlé i dtreo go raibh sé ar dheis Iosrael; agus thug sé in aice leis iad.

14. Shín Iosrael a lámh dheas uaidh amach agus leag í ar cheann an té a ba óige, Eafráim; agus a lámh chlé ar cheann Mhanaise, agus a lámha á gcur thar a chéile aige - ba é Manaise an té ba shine.

15. Ansin chuir sé a bheannacht ar Iósaef á rá:“Dia ar shiúil m'aithreacha Abrahám agus Íosác ina radharc,Dia a bhí mar aoire agam ar feadh mo shaoil go léir go dtí seo,

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 48