18. Dúirt Iósaef lena athair: “Ní mar sin is ceart, a athair, é seo an chéadghin; leag do lámh dheas ar a cheann seo.”
19. Ní dhearna an t‑athair rud air, ach dúirt: “Tá a fhios agam, a mhic ó, tá a fhios sin. Beidh seisean leis ina phobal mór, agus beidh sé tábhachtach. Ach is tábhachtaí ná é a bheidh an deartháir is óige agus beidh a shliocht ina mbaicle ciníocha.”
20. Chuir sé a bheannacht orthu an lá sin á rá:“Gura beannacht sibh in Iosrael! Go ndeire siad:‘Go gcuire Dia an bhail chéanna ort le hEafráim agus le Manaise!’ ”Ar an tslí sin thug sé an tosach do Eafráim ar Mhanaise.
21. Ansin dúirt Iosrael le Iósaef: “Féach, táim ar tí bás a fháil! Ach beidh Dia libhse agus tabharfaidh sé ar ais go tír bhur sinsear sibh.
22. Maidir liom féin, bronnaim ort Seicim, de bhreis ar do dheartháireacha, é siúd a bhain mé de na hAmóraigh le mo chlaíomh agus le mo bhogha.”