Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 48:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúradh le Iósaef tamall ina dhiaidh seo: “Bhuail taom tinnis d'athair.” Thug sé leis a bheirt mhac Manaise agus Eafráim.

2. Nuair a dúradh le Iacób: “Féach, tá do mhac Iósaef tagtha chugat,” chruinnigh Iosrael a neart agus d'éirigh aniar sa leaba.

3. Agus dúirt Iacób le Iósaef: “Thaispeáin Dia Uilechumhachtach é féin dom i Lúz i dtír Chanán agus chuir a bheannacht orm

4. á rá: ‘Féach! cuirfídh mé an rath ort agus méadóidh mé do shliocht, agus déanfaidh mé baicle ciníocha díot agus tabharfaidh mé an tír seo do do shliocht i do dhiaidh mar shealús go síoraí.’

5. Anois an bheirt mhac a rugadh duit i dtír na hÉigipte sula dtáinig mise chugat san Éigipt, is liomsa iad; beidh Eafráim agus Manaise agam mar mhic ar aon dul le Reúbaen agus Simeon.

6. Ach cibé clann a ghinfear uait ina ndiaidh, is leat féin iad; agus beidh ainmneacha a ndeartháireacha orthu sa mhéid a bhaineann le hoidhreacht.

7. Ar m'aistear dom ó Phadan Arám bhí sé de dhólás agam go bhfuair Ráchael bás i dtír Chanán, agus sinn tamall fós ó Eafrát. Rinne mé í a adhlacadh ansiúd ar an mbóthar go hEafrát, i mBeithil.”

8. Nuair a chonaic Iosrael mic Iósaef, dúirt sé: “Ce hiad sin?”

9. “Sin iad,” arsa Iósaef lena athair, “mo mhic-sé, a bhronn Dia anseo orm.” Agus dúirt seisean: “Tabhair anseo i leith chugam iad, le do thoil, go gcuirfidh mé mo bheannacht orthu.”

10. Bhí scáthshúilí ar Iosrael leis an aois i dtreo nach raibh radharc aige orthu. Thug Iósaef níos cóngaraí dó iad dá bhrí sin agus phóg sé an bheirt agus ghlac chuige ina ucht iad.

11. Agus dúirt Iosrael le Iósaef: “Ní raibh aon súil agam go bhfeicfinn do ghnúis arís, ach seo é Dia á dheonú dom do chlann a fheiceáil chomh maith.”

12. Ansin thóg Iósaef an bheirt mhac óna ghlúine chuige féin, agus shléacht sé go talamh.

13. Agus rug Iósaef orthu araon, ar Eafráim ina láimh dheas i dtreo go raibh sé ar chlé Iosrael, agus ar Mhanaise ina láimh chlé i dtreo go raibh sé ar dheis Iosrael; agus thug sé in aice leis iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 48