4. Rachaidh mise féin síos chun na hÉigipte leat agus tabharfaidh mé aníos arís thú; agus is é lámh Iósaef a dhúnfaidh do shúile.”
5. Ansin d'fhág Iacób Béar Seaba agus rinne clann mhac Iosrael a n‑athair Iacób, a miondaoine agus a mná a iompar sna cóistí a sheol Forann faoina dhéin.
6. Thugadar leo na tréada agus an mhaoin a bhí cruinnithe acu i dtír Chanán agus thángadar chun na hÉigipte - Iacób agus a shliocht go léir -
7. a mhic agus mic a mhac, a iníonacha agus iníonacha a mhac; thug sé a shliocht uile leis isteach san Éigipt.
8. Seo iad anois ainmneacha chlainne Iosrael a tháinig go dtí an Éigipt, Iacób agus a chlann mhac: Reúbaen céadghin Iacób
9. agus a chlann mhac: Hanóc agus Palú agus Heazron agus Cairmi.
10. Clann mhac Shimeon: Iamúél agus Iáimím agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí.