32. Aoirí iad agus bíonn siad ag féaracht stoic; agus thugadar leo a dtréada agus a dtáinte agus a maoin go léir.’
33. Nuair a chuirfidh Forann fios oraibh agus a fhiafróidh sé: ‘Cén ghairm bheatha atá agaibh?’ abraigí leis:
34. ‘Aoirí tréad sinne, do shearbhóntaí, onár n‑óige go dtí anois féin, sinne agus ár n‑aithreacha.’ Ar an gcuma seo ceadófar daoibh fanacht i dtír Ghoisin,” mar tá an ghráin dearg ag na hÉigiptigh ar gach aoire.