Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 46:3-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Dúirt sé leis ansin: “Mise Dia, Dia d'athar; ná bíodh eagla ort dul síos chun na hÉigipte, óir déanfaidh mé cine mor ansiúd díot.

4. Rachaidh mise féin síos chun na hÉigipte leat agus tabharfaidh mé aníos arís thú; agus is é lámh Iósaef a dhúnfaidh do shúile.”

5. Ansin d'fhág Iacób Béar Seaba agus rinne clann mhac Iosrael a n‑athair Iacób, a miondaoine agus a mná a iompar sna cóistí a sheol Forann faoina dhéin.

6. Thugadar leo na tréada agus an mhaoin a bhí cruinnithe acu i dtír Chanán agus thángadar chun na hÉigipte - Iacób agus a shliocht go léir -

7. a mhic agus mic a mhac, a iníonacha agus iníonacha a mhac; thug sé a shliocht uile leis isteach san Éigipt.

8. Seo iad anois ainmneacha chlainne Iosrael a tháinig go dtí an Éigipt, Iacób agus a chlann mhac: Reúbaen céadghin Iacób

9. agus a chlann mhac: Hanóc agus Palú agus Heazron agus Cairmi.

10. Clann mhac Shimeon: Iamúél agus Iáimím agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí.

11. Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí.

12. Clann Iúdá: Éar agus Ónán agus Séala agus Bearna agus Zearach (ach d'éag Éar agus Ónán i dtír Chanán); agus b'iad Heazron agus Hámúl clann Bhearnan.

13. Clann Íosácár: Tólá agus Puvá agus Iób agus Siomron.

14. Clann Zabúlun: Seirid agus Éalón agus Iachlael.

15. Is iadsan clann Léá a rug sí do Iacób i bPadan Arám, mar aon lena hiníon Díneá; triúr agus tríocha duine ar fad an líon mac agus iníonacha a bhí aige.

16. Clann Ghád: Zifeón agus Haigí, Siúiní agus Eazbon, Éirí agus Aróidí, agus Airéilí.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 46