Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 46:25-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Iadsan clann Bhileá a bhronn Lábán ar a iníon Ráchael; rug sí iadsan do Iósaef - seachtar ar fad.

26. Ba é líon mhuintir Iacóib go léir a chuaigh isteach san Éigipt dá shliocht féin, gan mná a chlainne a chur san áireamh - seisear agus trí fichid ar fad.

27. Rugadh mic do Iósaef san Éigipt, beirt mhac; ba é líon theaghlach Iacóib ar fad a chuaigh isteach san Éigipt, deichniúr agus trí fichid.

28. Chuir [Iosrael] Iúdá ar aghaidh roimhe go dtí Iósaef chun go dtiocfadh seisean ina gcoinne i nGoisin. Nuair a shroicheadar Goisin,

29. ghabh Iósaef a chóiste agus seo leis in airicis a athar Iosrael i nGoisin. Tháinig sé ina láthair agus chaith é féin ar a bhráid agus bhí na deora ag sileadh leis ar a bhráid ar feadh i bhfad.

30. Dúirt Iosrael le Iósaef: “Níor chás liom bás a fháil anois de bhrí go bhfaca mé do ghnúis agus go bhfuil a fhios agam gur beo duit fós.”

31. Labhair Iósaef ansin lena dheartháireacha agus le muintir a athar: “Rachaidh mé suas go Forann,” ar sé, “agus tabharfaidh mé an scéal nua dó. Déarfaidh mé leis: ‘Mo dheartháireacha agus muintir m'athar a bhí i dtír Chanán, tá siad tagtha chugam.

32. Aoirí iad agus bíonn siad ag féaracht stoic; agus thugadar leo a dtréada agus a dtáinte agus a maoin go léir.’

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 46