21. Clann Bhiniáimin: Beala agus Beicir agus Aisbéal agus Géará agus Námán agus Éichí agus Róis agus Mupaím agus Hupaím agus Ard.
22. Iadsan an chlann mhac a rug Ráchael do Iacób - ceathrar déag ar fad.
23. Clann Dhán: Huisím.
24. Clann Naftáilí: Iachzael agus Gúiní agus Iéizir agus Siléim.
25. Iadsan clann Bhileá a bhronn Lábán ar a iníon Ráchael; rug sí iadsan do Iósaef - seachtar ar fad.
26. Ba é líon mhuintir Iacóib go léir a chuaigh isteach san Éigipt dá shliocht féin, gan mná a chlainne a chur san áireamh - seisear agus trí fichid ar fad.
27. Rugadh mic do Iósaef san Éigipt, beirt mhac; ba é líon theaghlach Iacóib ar fad a chuaigh isteach san Éigipt, deichniúr agus trí fichid.
28. Chuir [Iosrael] Iúdá ar aghaidh roimhe go dtí Iósaef chun go dtiocfadh seisean ina gcoinne i nGoisin. Nuair a shroicheadar Goisin,
29. ghabh Iósaef a chóiste agus seo leis in airicis a athar Iosrael i nGoisin. Tháinig sé ina láthair agus chaith é féin ar a bhráid agus bhí na deora ag sileadh leis ar a bhráid ar feadh i bhfad.