20. Agus rugadh do Iósaef san Éigipt ó Ásanat iníon Phóitífeara sagart On: Manaise agus Eafráim.
21. Clann Bhiniáimin: Beala agus Beicir agus Aisbéal agus Géará agus Námán agus Éichí agus Róis agus Mupaím agus Hupaím agus Ard.
22. Iadsan an chlann mhac a rug Ráchael do Iacób - ceathrar déag ar fad.
23. Clann Dhán: Huisím.
24. Clann Naftáilí: Iachzael agus Gúiní agus Iéizir agus Siléim.
25. Iadsan clann Bhileá a bhronn Lábán ar a iníon Ráchael; rug sí iadsan do Iósaef - seachtar ar fad.