Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 45:14-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ansin chaith sé é féin ar bhráid Bhiniáimin a dheartháir agus ghoil sé agus ghoil Biniáimin ar a bhráidsean.

15. Agus phóg sé a dheartháireacha go léir agus a dheora ag sileadh orthu, agus ansin labhair a dheartháireacha leis.

16. Bhain an scéal nua go raibh deartháireacha Iósaef tagtha pálás Fhorainn amach, agus b'áthas le Forann é a chlos, agus ba é an dála céanna é ag a theaghlach.

17. Dúirt Forann le Iósaef: “Abair le do dheartháireacha: ‘Déanaigí mar leanas: Cuirigí ualaí ar bhur mbeithígh iompair agus ar ais libh go tír Chanán.

18. Agus tugaigí libh anseo bhur n‑athair agus bhur dteaghlaigh agus tagaigí ar ais chugam. Tabharfaidh mé togha thalamh na hÉigipte daoibh agus beidh méith na talún mar bhia agaibh.’

19. Agus tabhair an t‑ordú seo dóibh chomh maith: ‘Déanaigí mar leanas: Tugaigí cóistí libh ó thír na hÉigipte do bhur miondaoine agus do bhur mná agus tugaigí bhur n‑athair libh, agus tagaigí!

20. Is cuma daoibh faoi bhur maoin, mar is libhse togha maoine thír na hÉigipte go léir.’ ”

21. Rinne clann Iosrael mar a dúradh leo agus thug Iósaef cóistí dóibh, mar a d'ordaigh Forann, agus lón bóthair.

22. Thug sé dhá fhallaing shaoire an duine dóibh, ach thug sé cúig fhallaing shaoire agus trí chéad seicil airgid do Bhiniáimin.

23. Agus seo leanas ar chuir sé chun a athar: deich n‑asal agus ualaí d'ollmhaitheasaí na hÉigipte orthu; deich láir agus ualaí orthu d'arbhar agus d'arán agus de bhia agus de lón d'aistear a n‑athar.

24. Ansin chuir sé a dheartháireacha chun siúil, agus is é focal deireanach a bhí aige dóibh ag imeacht: “Ná bíodh aon aighneas eadraibh ar an tslí.”

25. D'fhágadar an Éigipt dá bhrí sin agus bhaineadar amach tír Chanán agus a n‑athair Iacób.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 45