Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 44:24-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Nuair a d'fhilleamar ar ár n‑athair, do shearbhónta, d'insíomar dó a raibh ráite agat, a thiarna.

25. Agus nuair a dúirt ár n‑athair: ‘Imígí arís agus ceannaigí beagán bia dúinn,’

26. dúramar: ‘Ní féidir dúinn dul síos. Má théann an deartháir is óige againn inár dteannta, ansin rachaimid; mar ní féidir linn radharc a fháil ar ghnúis an fhir úd gan an deartháir is óige a bheith farainn.’

27. Ansin dúirt do shearbhónta, m'athair, linn: ‘Tá a fhios agaibh gur rug mo bhean beirt mhac dom;

28. nuair a scar mé le duine acu, dúirt mé: Stolladh, sea agus alpadh é; agus ní fhaca mé riamh ó shin é.

29. Má thógann sibh an ceann seo uaim chomh maith, seolfaidh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.’

30. Má thagaimse dá bhrí sin chun do shearbhónta, m'athair, agus gan an buachaill inár dteannta, ós rud é go bhfuil a chroí istigh sa bhuachaill,

31. titfidh an t‑anam as nuair a fheicfidh sé nach bhfuil an buachaill inár dteannta; agus seolfaidh do shearbhóntaí síos go Seól ár n‑athair, do shearbhónta, agus a cheann liath faoi ualach bróin.

32. Chuaigh do shearbhónta, más ea, i mbannaí leis an mbuachaill i láthair m'athar, á rá: ‘Mura dtuga mé ar ais chugat é, bíodh a mhilleán sin ormsa ar feadh mo shaoil i láthair m'athar.’

33. Anois dá bhrí sin, impím ort, lig do do shearbhónta fanacht ina dhaor ag mo thiarna, agus scaoil an buachaill ar ais lena dheartháireacha.

34. Conas a d'fhéadfainnse dul ar ais ag triall ar m'athair agus gan an buachaill i mo theannta? Ní ligfeadh eagla dom a bheith ag faire ar an ainnise a thiocfadh sa mhullach ar m'athair.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 44