Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 43:9-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Rachaidh mise i mbannaí ar an mbuachaill; beidh mé freagrach duit ann; mura dtuga mé ar ais chugat é agus é a chur ina sheasamh os do chomhair, ansin bíodh a mhilleán sin ormsa go brách.

10. Ach go deimhin féin mura mbeadh an mhoill seo, bheimis ar ais arís um an dtaca seo.”

11. Ansin dúirt Iosrael an t‑athair leo: “Más éigean an scéal a bheith amhlaidh, déanaigí mar leanas: Cuirigí in bhur gcléibh cuid de thogha torthaí na tíre agus beirigí síos chuige siúd mar thabhartas beagán balsaim agus meala agus guma agus tragacant agus cnónna pistéise agus almóinne.

12. Tugaigí a dhá oiread airgid libh; tugaigí ar ais an t‑airgead a cuireadh i mbéal bhur málaí. B'fhéidir gur dearmad é.

13. Tugaigí libh bhur ndeartháir agus seo libh ar ais chuige siúd.

14. Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.”

15. Thóg na fir an tabhartas ansin: thugadar a dhá oiread airgid leo - agus Biniáimin. Chuireadar chun bóthair agus síos leo go dtí an Éigipt agus isteach i láthair Iósaef.

16. Nuair a chonaic Iósaef Biniáimin faru dúirt sé lena reachtaire: “Beir leat iad seo chun an tí, agus maraigh mart agus cóirigh bia, mar beidh bia acu seo liom um nóin.”

17. Rinne seisean rud ar Iósaef agus thug na fir go teach Iósaef;

18. tháinig eagla orthusan mar go rabhadar á mbreith go teach Iósaef agus dúradar: “Táthar dár dtabhairt ann de bharr an airgid a cuireadh ar ais inár málaí arbhair an chéad uair; tabharfaidh siad fúinn; ionsóidh siad sinn agus déanfaidh siad daoir dínn agus gabhfaidh siad ár n‑asail mar an gcéanna.”

19. Suas leo dá bhrí sin chun reachtaire Iósaef agus labhair siad leis ar thairseach an tí:

20. “A thiarna,” ar siad, “thángamar anuas an chéad uair chun bia a cheannach.

21. Nuair a shroicheamar mar a rabhamar chun fanacht thar oíche, d'osclaíomar ár málaí agus b'shiúd airgead gach duine i mbéal a mhála, gan pioc de in easnamh; thugamar linn arís é dá bhrí sin,

22. agus thugamar a thuilleadh airgid linn anuas chomh maith chun bia a cheannach. Ní eol dúinn cé chuir ár gcuid airgid inár málaí arbhair.”

23. “Síocháin daoibh; ná bíodh eagla oraibh,” ar sé. “Is é bhur nDia agus Dia bhur n‑athar a chuir an mhaoin in bhur málaí arbhair daoibh. Fuaireas bhur n‑airgead slán iomlán.” Thug sé Simeon amach chucu ansin.

24. Thug an fear isteach i dteach Iósaef iad ansin agus thug uisce chucu; níodar a gcosa; thug sé siúd foráiste dá n‑asail;

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 43