Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 43:7-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. D'fhreagraíodar é: “Cheistigh sé siúd sinn go mion inár dtaobh féin agus i dtaobh ár muintire, á rá: ‘An maireann bhur n‑athair? An bhfuil deartháir eile agaibh?’ Sin é an fáth a dtugamar an t‑eolas dó. Conas a bheadh a fhios againn ar aon chor go ndéarfadh sé: ‘Tugaigí bhur ndeartháir anuas libh’?”

8. Dúirt Iúdá lena athair Iosrael: “Scaoil an buachaill liomsa, agus cuirimis chun bóthair agus imímis linn chun nach bhfaighimis bás ach maireachtáil beo - sea sinne agus tusa agus ár muirear go léir chomh maith.

9. Rachaidh mise i mbannaí ar an mbuachaill; beidh mé freagrach duit ann; mura dtuga mé ar ais chugat é agus é a chur ina sheasamh os do chomhair, ansin bíodh a mhilleán sin ormsa go brách.

10. Ach go deimhin féin mura mbeadh an mhoill seo, bheimis ar ais arís um an dtaca seo.”

11. Ansin dúirt Iosrael an t‑athair leo: “Más éigean an scéal a bheith amhlaidh, déanaigí mar leanas: Cuirigí in bhur gcléibh cuid de thogha torthaí na tíre agus beirigí síos chuige siúd mar thabhartas beagán balsaim agus meala agus guma agus tragacant agus cnónna pistéise agus almóinne.

12. Tugaigí a dhá oiread airgid libh; tugaigí ar ais an t‑airgead a cuireadh i mbéal bhur málaí. B'fhéidir gur dearmad é.

13. Tugaigí libh bhur ndeartháir agus seo libh ar ais chuige siúd.

14. Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 43