Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 43:2-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Nuair a bhí an t‑arbhar a thugadar leo ón Éigipt caite acu, dúirt an t‑athair leo: “Imígí ar ais agus ceannaigí beagán bia duinn.”

3. “An fear úd,” arsa Iúdá leis, “thug sé rabhadh sollúnta dúinn: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’

4. Má scaoileann tú ár ndeartháir inár dteannta, rachaimid síos agus ceannóimid bia duit.

5. Ach mura scaoileann tú leis, ní rachaimidne síos mar dúirt sé siúd: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh, gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’ ”

6. “Cad a ba áil libh,” arsa Iosrael, “a bheith do mo chiapadh mar sin agus a rá leis siúd go raibh deartháir eile agaibh?”

7. D'fhreagraíodar é: “Cheistigh sé siúd sinn go mion inár dtaobh féin agus i dtaobh ár muintire, á rá: ‘An maireann bhur n‑athair? An bhfuil deartháir eile agaibh?’ Sin é an fáth a dtugamar an t‑eolas dó. Conas a bheadh a fhios againn ar aon chor go ndéarfadh sé: ‘Tugaigí bhur ndeartháir anuas libh’?”

8. Dúirt Iúdá lena athair Iosrael: “Scaoil an buachaill liomsa, agus cuirimis chun bóthair agus imímis linn chun nach bhfaighimis bás ach maireachtáil beo - sea sinne agus tusa agus ár muirear go léir chomh maith.

9. Rachaidh mise i mbannaí ar an mbuachaill; beidh mé freagrach duit ann; mura dtuga mé ar ais chugat é agus é a chur ina sheasamh os do chomhair, ansin bíodh a mhilleán sin ormsa go brách.

10. Ach go deimhin féin mura mbeadh an mhoill seo, bheimis ar ais arís um an dtaca seo.”

11. Ansin dúirt Iosrael an t‑athair leo: “Más éigean an scéal a bheith amhlaidh, déanaigí mar leanas: Cuirigí in bhur gcléibh cuid de thogha torthaí na tíre agus beirigí síos chuige siúd mar thabhartas beagán balsaim agus meala agus guma agus tragacant agus cnónna pistéise agus almóinne.

12. Tugaigí a dhá oiread airgid libh; tugaigí ar ais an t‑airgead a cuireadh i mbéal bhur málaí. B'fhéidir gur dearmad é.

13. Tugaigí libh bhur ndeartháir agus seo libh ar ais chuige siúd.

14. Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.”

15. Thóg na fir an tabhartas ansin: thugadar a dhá oiread airgid leo - agus Biniáimin. Chuireadar chun bóthair agus síos leo go dtí an Éigipt agus isteach i láthair Iósaef.

16. Nuair a chonaic Iósaef Biniáimin faru dúirt sé lena reachtaire: “Beir leat iad seo chun an tí, agus maraigh mart agus cóirigh bia, mar beidh bia acu seo liom um nóin.”

17. Rinne seisean rud ar Iósaef agus thug na fir go teach Iósaef;

18. tháinig eagla orthusan mar go rabhadar á mbreith go teach Iósaef agus dúradar: “Táthar dár dtabhairt ann de bharr an airgid a cuireadh ar ais inár málaí arbhair an chéad uair; tabharfaidh siad fúinn; ionsóidh siad sinn agus déanfaidh siad daoir dínn agus gabhfaidh siad ár n‑asail mar an gcéanna.”

19. Suas leo dá bhrí sin chun reachtaire Iósaef agus labhair siad leis ar thairseach an tí:

20. “A thiarna,” ar siad, “thángamar anuas an chéad uair chun bia a cheannach.

21. Nuair a shroicheamar mar a rabhamar chun fanacht thar oíche, d'osclaíomar ár málaí agus b'shiúd airgead gach duine i mbéal a mhála, gan pioc de in easnamh; thugamar linn arís é dá bhrí sin,

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 43