Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 42:23-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Ní raibh a fhios acu gur thuig Iósaef iad, mar bhí teanga labhartha eatarthu.

24. D'iompaigh seisean i leataobh agus ghoil; ansin d'fhill orthu agus labhair leo; agus thóg sé Simeon uathu agus chuir cuibhreacha air os comhair a súl.

25. D'ordaigh Iósaef ansin a gcléibh a líonadh d'arbhar agus airgead gach duine a chur ar ais ina mhála agus lón bóthair a thabhairt dóibh. Rinneadh amhlaidh dóibh.

26. Ansin chuireadar a n‑ualach arbhair ar a gcuid asal agus d'imíodar leo.

27. Nuair a d'oscail duine díobh a mhála chun bia a thabhairt dá asal mar a rabhadar chun fanacht thar oíche, chonaic sé a chuid airgid i mbéal an mhála.

28. Dúirt sé lena dheartháireacha: “Cuireadh mo chuid airgid ar ais! Seo é i mbéal mo mhála!” Thit an lug ar an lag acu ansin: d'fhéachadar ar a chéile agus scéin orthu: “Ceard é seo a rinne Dia linn?” ar siad.

29. Nuair a d'fhilleadar ar a n‑athair Iacób, i dtír Chanán, d'eachtraíodar dó gach ar tharla dóibh.

30. “An té is tiarna ar an tír,” ar siad, “labhair sé go borb linn á mheas gur lucht braite ar a thír sinn.

31. Ach dúramar leis: ‘Daoine macánta sinne agus ní spiairí;

32. tá dháréag dearthár againn ann, mic ár n‑athar; tá duine againn nach maireann agus tá an sóisear fós anois fara ár n‑athair i dtír Chanán.’

33. Ansin dúirt an té is tiarna ar an tír linn: ‘Ar an gcuma seo a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh: fágaigí deartháir agaibh anseo liomsa agus imígí libh le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.

34. Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugam; ansin is ea a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh agus scaoilfidh mé bhur ndeartháir chugaibh, agus féadfaidh sibh bheith ag margáil sa tír.’ ”

35. Ag folmhú a málaí dóibh, seo spagaí airgid gach duine ina mhála. Nuair a chonaiceadar féin agus an t‑athair na spagaí airgid, tháinig scanradh orthu

36. agus dúirt Iacób, an t‑athair, leo: “Tá mo chlann mhac á bhfuadach uaim agaibh! Tá Iósaef caillte, tá Simeon caillte, agus anois ní foláir libh Biniáimin a bhreith libh; nach orm a thit an crann!”

37. Ansin dúirt Reúbaen lena athair: “Cead agat mo bheirt mhac a chur chun báis mura dtabharfaidh mé ar ais chugat é; fág fúmsa é agus tabharfaidh mé ar ais chugat é.”

38. Ach d'fhreagair sé: “Ní rachaidh mo mhac síos libh, mar tá a dheartháir marbh agus níl ach eisean amháin fágtha. Dá mbainfeadh aon tubaiste dó ar an aistear atá beartaithe agaibh, sheolfadh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 42