Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 42:15-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Seo é an promhadh a chaithfidh sibh a shásamh: dar anam Fhorainn, ní fhágfaidh sibh an áit seo mura dtaga an deartháir is óige agaibh anseo.

16. Seolaigí duine daoibh féin ag triall ar bhur ndeartháir; fanfaidh an chuid eile agaibh i ngéibheann i dtreo go ndéanfaí bhur scéal a phromhadh féachaint an lucht fírinne sibh nó nach ea; agus murab ea, dar anam Fhorainn, is spiairí sibh go cinnte.”

17. Ansin chaith sé iad go léir isteach i bpríosún ar feadh trí lá.

18. Ar an tríú lá dúirt Iósaef leo: “Déanaigí mar seo, agus ní baol daoibh an bás, mar is duine mé ar a bhfuil eagla Dé;

19. más dream macánta sibh, fanadh deartháir agaibh sa charcair ina bhfuil sibh agus téadh an chuid eile le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.

20. Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugamsa, i dtreo go bhfíorófaí bhur scéal agus sibh a dhul slán ón mbás.” Rinneadar amhlaidh.

21. Ansin dúradar le chéile: “Go deimhin féin tá ár ndeartháir á agairt orainn! Chonaiceamar a bhuaireamh anama agus é ag impí orainn agus gan aon aird againn air. Uime sin a tháinig an buaireamh seo orainn.”

22. D'fhreagair Reúbaen: “Nach ndúirt mise libh gan coir a dhéanamh in aghaidh an bhuachalla? Ach thug sibh an chluas bhodhar dom agus seo anois a fhuil á hagairt orainn!”

23. Ní raibh a fhios acu gur thuig Iósaef iad, mar bhí teanga labhartha eatarthu.

24. D'iompaigh seisean i leataobh agus ghoil; ansin d'fhill orthu agus labhair leo; agus thóg sé Simeon uathu agus chuir cuibhreacha air os comhair a súl.

25. D'ordaigh Iósaef ansin a gcléibh a líonadh d'arbhar agus airgead gach duine a chur ar ais ina mhála agus lón bóthair a thabhairt dóibh. Rinneadh amhlaidh dóibh.

26. Ansin chuireadar a n‑ualach arbhair ar a gcuid asal agus d'imíodar leo.

27. Nuair a d'oscail duine díobh a mhála chun bia a thabhairt dá asal mar a rabhadar chun fanacht thar oíche, chonaic sé a chuid airgid i mbéal an mhála.

28. Dúirt sé lena dheartháireacha: “Cuireadh mo chuid airgid ar ais! Seo é i mbéal mo mhála!” Thit an lug ar an lag acu ansin: d'fhéachadar ar a chéile agus scéin orthu: “Ceard é seo a rinne Dia linn?” ar siad.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 42