Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 42:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuala Iacób go raibh arbhar ar díol san Éigipt agus dúirt sé lena chlann mhac: “Cad a ba áil libh féachaint ar a chéile?

2. Is clos dom, féach!” ar sé, “go bhfuil arbhar san Éigipt; téigí ansiúd síos agus ceannaigí arbhar ann dúinn ionas go mairfimid agus nach bhfaighimid bás.”

3. D'imigh deichniúr de dheartháireacha Iósaef síos chun arbhar a cheannach san Éigipt.

4. Ach níor chuir Iacób Biniáimin, deartháir Iósaef, lena dheartháireacha. “Ní foláir,” ar sé, “gan aon ní a thitim amach dó.”

5. Tháinig clann Iosraél dá réir sin, fara daoine eile a bhí ag déanamh an turais chéanna, chun arbhar a cheannach mar go raibh gorta i dtír Chanán.

6. Ba é Iósaef a bhí i gceannas ar an tír agus is é a bhí ag díol le gach a dtáinig. Agus tháinig deartháireacha Iósaef agus shléachtadar síos go talamh dó.

7. Nuair a chonaic Iósaef a dheartháireacha, d'aithin sé iad, ach ní dhearna sé ach caitheamh leo mar a dhéanfadh le daoine deoranta agus labhairt leo go borb: “Cad as daoibh?” ar sé. “Ó thír Chanán,” ar siad, “a thángamar chun bia a cheannach.”

8. Sea, d'aithin Iósaef a dheartháireacha, ach níor aithin siadsan é.

9. Chuimhnigh Iósaef ar na taibhrimh a bhí aige ina dtaobh agus dúirt sé: “Spiairí sibh,” ar sé, “agus chun faisnéis a fháil ar bhaill laga na tíre a tháinig sibh.”

10. “Ní hea ar aon chor,” ar siad, “ach is chun bia a cheannach a tháinig do shearbhóntaí.

11. Clann an aon fhir amháin sinn go léir, agus daoine macánta; ní spiairí do shearbhóntaí.”

12. “Ní fíor sin,” ar sé leo, “ach is chun baill laga na tíre a fháil amach a tháinig sibh.”

13. D'fhreagraíodar: “Dháréag dearthár, clann an aon fhir amháin i dtír Chanán, is ea sinne, do shearbhóntaí; agus féach tá an sóisear fós anois fara ár n‑athair, agus tá duine nach maireann.”

14. Ach d'fhreagair Iósaef iad: “Tá an scéal mar a dúirt mé; is spiairí sibh.

15. Seo é an promhadh a chaithfidh sibh a shásamh: dar anam Fhorainn, ní fhágfaidh sibh an áit seo mura dtaga an deartháir is óige agaibh anseo.

16. Seolaigí duine daoibh féin ag triall ar bhur ndeartháir; fanfaidh an chuid eile agaibh i ngéibheann i dtreo go ndéanfaí bhur scéal a phromhadh féachaint an lucht fírinne sibh nó nach ea; agus murab ea, dar anam Fhorainn, is spiairí sibh go cinnte.”

17. Ansin chaith sé iad go léir isteach i bpríosún ar feadh trí lá.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 42