Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 41:19-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Seo seacht mba eile aníos ina ndiaidh, truáin loma ghránna, nach bhfaca a leithéid riamh i dtalamh na hÉigipte ar fad.

20. Agus d'alp na ba loma gránna na seacht mba slíoctha méithe.

21. Ach nuair a bhíodar ite acu, níorbh fhéidir le haon duine a rá go rabhadar ite acu, mar bhíodar fós chomh lom is a bhíodar riamh. Ansin dhúisigh mé.

22. Rinneadh taibhreamh eile dom: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin, agus iad faoi bhláth toraidh

23. ach seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha, loiscthe ag an ngaoth anoir.

24. Shlug na seacht ndiasa seargtha na seacht ndiasa fónta. D'inis mé an taibhreamh do lucht na hasarlaíochta ach ní raibh fear a mhínithe dom ina measc.”

25. Dúirt Iósaef le Forann: “Is mar a chéile iad taibhrimh Fhorainn. D'fhoilsigh Dia d'Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.

26. Seacht mbliana na seacht mba breátha, agus seacht mbliana na seacht ndiasa fónta; an taibhreamh céanna ceannann atá i gceist.

27. Na seacht mba truánacha loma a tháinig aníos ina ndiaidh, seacht mbliana iadsan dála na seacht ndiasa arbhair seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir; beidh seacht mbliana gorta ann.

28. Tá an cás mar a dúirt mé le Forann; thaispeáin Dia d'Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.

29. Tiocfaidh seacht mbliana mórfhlúirse ar fud críocha na hÉigipte go léir.

30. Ach tiocfaidh seacht mbliana gorta ina ndiaidh agus ní bheidh cuimhne ar an bhflúirse go léir i gcríocha na hÉigipte; creimfidh an gorta an tír.

31. Beidh an gorta úd a leanfaidh chomh dian sin ar fad nach mbeidh cuimhne ag aon duine ar an bhflúirse a bhí sa tír.

32. Is é cúis gur tháinig an taibhreamh faoi dhó go Forann mar go bhfuil an cúrsa cinnte cheana féin ag Dia, agus tá an-fhonn ar Dhia é a chur i gcrích.

33. Ba chóir d'Fhorann duine críonna ciallmhar a thoghadh agus a chur i bhfeighil thír na hÉigipte.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 41