6. Nuair a tháinig Iósaef chucu ar maidin chonaic sé go rabhadar gruama,
7. agus chuir sé ceist ar an dá oifigeach a bhí fairis i ngéibheann i dteach a mháistir: “Cén fáth an ghruaim seo oraibh inniu?”
8. “Rinneadh taibhrimh dúinn,” ar siad, “agus níl fear a mínithe againn.” Agus dúirt Iósaef leo: “Nach le Dia a bhaineann sé taibhrimh a mhíniú? Insígí dom iad, le bhur dtoil.”
9. D'inis an príomhchornaire a thaibhreamh do Iósaef: “Ag taibhreamh dom,” ar sé, “chonaic mé fíniúin os mo chomhair.
10. Bhí trí géaga ar an bhfíniúin; a luaithe a sceith sí bhí sí faoi bhláth agus rinne caora aibí dá crobhaingí.
11. Bhí corn Fhorainn i mo láimh. Stoith mé na fíniúna agus d'fháisc mé an súlach astu isteach i gcorn Fhorainn.”
12. Ansin dúirt Iósaef leis: “Seo an chiall atá leis: Trí lá na trí géaga.
13. Faoi chionn trí lá, scaoilfidh Forann saor thú agus cuirfidh sé ar ais i do phost thú; agus sínfidh tú a chorn chun Fhorainn mar a dhéantá cheana agus tú i do chornaire aige.
14. Ach cuimhnigh ormsa nuair a bheidh an scéal go maith agat agus cuir de chomaoin orm le do thoil, mé a lua le Forann d'fhonn mé a scaoileadh amach as an teach seo.
15. Óir fuadaíodh mé an chéad lá ó thír na nEabhrach, agus ní dhearna mé aon ní as an tslí anseo ach chomh beag a thuillfeadh carcair dom.”
16. Nuair a chonaic an príomhbháicéir a fhabhraí a bhí an chiall úd, dúirt sé le Iósaef: “Bhí taibhreamh agamsa mar an gceanna: bhí trí ciseáin aráin ar mo cheann;
17. sa chiseán uachtair bhí gach sórt sólaist bruite a thaitin le Forann, ach bhí éanlaith an aeir á n‑alpadh as an gciseán a bhí ar mo cheann.”
18. D'fhreagair Iósaef: “Is é seo an chiall atá leis: Trí lá na trí ciseáin.