Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 4:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Luigh Cáin lena bhean agus ghabh sí gin, agus rug sí Eineoc. Thóg sé cathair agus thug sé ainm a mhic Eineoc ar an gcathair.

18. Bhí Íorád mar mhac ag Eineoc, agus ag Íorád bhí Machúael mar mhac; ghin Machúael Matúisiael, agus ghin Matúisiael Láimic.

19. Phós Láimic beirt bhan; bhí Ádá mar ainm ar bhean acu, agus Zilleá ar an mbean eile.

20. Rug Ádá Iábál, an té ónar shíolraigh an lucht cónaithe i mbothanna a bhfuil eallach acu.

21. Iúbál a ba ainm dá dheartháir, agus is uaidhsean a shíolraigh an dream go léir a sheinneann an chruit agus an phíb.

22. Dála Zilleá, rug sí Túbál Cáin. Uaidhsean a shíolraigh gaibhne gach miotail, idir phrás is iarann. Agus ba í Námá deirfiúr Túbál Cáin.

23. Dúirt Láimic lena mhná:“A Ádá agus a Zilleá, éistigí le mo ghlór!A mhná Láimic, tugaigí cluas do mo ráite béil!Mharaigh mé fear de bharr mé a ghonadhagus ógánach de bharr mé a bhualadh.

24. Déantar Cáin a dhíolt faoi sheacht,ach Láimic faoi sheacht seachtód.”

25. Luigh Ádhamh lena bhean arís, agus rug sí mac ar ar thug sé Séat, mar, a dúirt sí, “Bhronn Dia leanbh eile orm in áit Áibil mar gur mharaigh Cáin é.”

26. Rugadh mac do Shéat agus thug sé Eanóis mar ainm air. Eisean an chéad duine a ghlaoigh ar ainm an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 4