12. Nuair a shaothróidh tú an talamh ní thabharfaidh sé feasta dá dhícheall duit. Beidh tú i do theifeach agus i d'fhánaí ar talamh.”
13. Dúirt Cáin leis an Tiarna: “Tá mo phionós thar mo chumas iompair.
14. Seo thú inniu do mo dhíbirt ón talamh seo; rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis; beidh mé i mo theifeach agus i m'fhánaí ar talamh agus an té thiocfaidh orm maróidh sé mé.”
15. “Cibé más ea,” arsa an Tiarna leis, “a mharóidh Cáin, déanfar é a dhíolt air faoi sheacht.” Agus chuir an Tiarna marc ar Cháin ionas nach maródh aon duine a thiocfadh air é.
16. Ansin d'imigh Cáin leis ó láthair an Tiarna agus chuir sé faoi i dtír Nód, soir ó Éidin.
17. Luigh Cáin lena bhean agus ghabh sí gin, agus rug sí Eineoc. Thóg sé cathair agus thug sé ainm a mhic Eineoc ar an gcathair.
18. Bhí Íorád mar mhac ag Eineoc, agus ag Íorád bhí Machúael mar mhac; ghin Machúael Matúisiael, agus ghin Matúisiael Láimic.
19. Phós Láimic beirt bhan; bhí Ádá mar ainm ar bhean acu, agus Zilleá ar an mbean eile.
20. Rug Ádá Iábál, an té ónar shíolraigh an lucht cónaithe i mbothanna a bhfuil eallach acu.
21. Iúbál a ba ainm dá dheartháir, agus is uaidhsean a shíolraigh an dream go léir a sheinneann an chruit agus an phíb.
22. Dála Zilleá, rug sí Túbál Cáin. Uaidhsean a shíolraigh gaibhne gach miotail, idir phrás is iarann. Agus ba í Námá deirfiúr Túbál Cáin.