Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 4:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Luigh Ádhamh lena bhean Éabha agus ghabh sí gin agus rug mac, Cáin. “Fuaireas mac,” ar sí, “le cúnamh an Tiarna.”

2. Agus rug sí an dara mac Áibil, deartháir Cháin. Aoire i bhfeighil caorach a ba ea Áibil, ach ag saothrú na talún a bhíodh Cáin.

3. Faoi chionn tamaill thug Cáin cuid de thorthaí na talún mar íobairt don Tiarna,

4. agus thug Áibil mar an gcéanna cuid de chéadghinte a thréada agus dá saill. D'fhéach an Tiarna le fabhar ar Áibil agus ar a íobairt

5. ach níor fhéach sé le fabhar ar Cháin ná ar a íobairtsean. Líon Cáin le fearg agus chuir púic air féin.

6. Chuir an Tiarna ceist ar Cháin: “Cén fáth,” ar sé, “a bhfuil fearg ort agus púic?

7. Má dhéanann tú an mhaith, nach nglacfar leat? Mura ndéana tú an mhaith, nach shin é an peaca ar an tairseach agat agus craos air chugat ach go gcaithfir é a cheansú?”

8. “Téanam amach,” arsa Cáin le hÁibil a dheartháir. Fad bhí siad amuigh, d'iompaigh Cáin ar Áibil a dheartháir agus mharaigh sé é.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 4