10. Cé go labhraíodh sí le Iósaef ó lá go lá, ní aontódh sé luí léi ná géilleadh di.
11. Lá áirithe chuaigh Iósaef chun an tí i mbun a chúraimí agus ní raibh aon duine de fhoireann an tí ansiúd istigh.
12. Rug an bhean ar bhrat air agus dúirt: “Luigh liom.” Ach d'fhág sé a bhrat ina láimh agus theith uaithi as an teach amach.
13. Nuair a chonaic sí gur fhág sé a bhrat aici ina láimh agus gur theith sé ón teach,
14. ghlaoigh sí ar a searbhóntaí agus dúirt sí leo: “Féach air sin! Thug sé Eabhrach chugainn chun masla a thabhairt dúinn! Tháinig sé isteach chugam chun luí liom, ach liúigh mé in ard mo chinn,
15. agus nuair a chuala sé mo liú agus mo bhéic, d'fhág sé a bhrat agam agus theith agus d'éalaigh ón teach.”
16. Choinnigh sí an brat ansiúd lena taobh go dtí gur tháinig a mháistir abhaile,
17. agus d'inis sí an scéal céanna dó: “An daor Eabhrach a thug tú dúinn,” ar sí, “tháinig sé isteach chugam do mo mhaslú.
18. Ach a luaithe a ligeas liú asam, in ard mo chinn, d'fhág sé a bhrat agam agus theith on teach amach.”
19. Nuair a chuala a mháistir na focail a labhair a bhean leis: “Mar sin a rinne do shearbhónta liom,” las sé le fearg.
20. Ghabh máistir Iósaef é agus chuir é sa charcair ina gcoimeádtaí príosúnaigh an rí, agus d'fhan sé ansiúd faoi ghlas.
21. Ach bhí an Tiarna fara Iósaef: bhí sé cineálta leis agus fuair fabhar dó i láthair an phríomhshéiléara.
22. Chuir an priomhshéiléir na príosúnaigh eile go léir sa charcair faoi chúram Iósaef; bhí sé i bhfeighil gach gnó a bhí ar siúl ann.
23. Níor bhac an príomhshéiléir le haon rud a bhí faoi chúram Iósaef mar bhí an Tiarna fairis; agus bhí conách an Tiarna ar gach rud a dhéanadh sé.