Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 39:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tugadh Iósaef síos chun na hÉigipte. Cheannaigh Póitífear, feidhmeannach le Forann, agus captaen an gharda, é ó na hIsméiligh a thug síos ann é.

2. Bhí an Tiarna le Iósaef agus d'éirigh leis ina ghnóthaí go léir, agus bhí cónaí air i dteach a mháistir, an tÉigipteach,

3. agus nuair a chonaic a mháistir go raibh an Tiarna le Iósaef, agus conas mar a chuir an Tiarna a bhail ar gach ní dar ghabh sé i láimh,

4. bhí lé aige le Iósaef agus rinne seisean fónamh dó; agus chuir a mháistir i bhfeighil a theaghlaigh é agus chuir sé gach ní aige faoina chúram.

5. Ón lá a chuir sé i bhfeighil a theaghlaigh é, agus i bhfeighil a mhaoine go léir, chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach an Éigiptigh ar son Iósaef. Chuir an Tiarna a bheannacht ar a mhaoin go léir istigh agus amuigh.

6. D'fhág sé Iósaef dá bhrí sin i mbun a mhaoine go léir, agus leis-sean ar láimh, ní raibh de chúram air féin ach an bia a chaitheadh sé.Bhí Iósaef córach dathúil,

7. agus tar éis tamaill leag bean a mháistir súil na dúile ar Iósaef agus dúirt leis: “Luigh liom.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 39