Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 38:19-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ansin d'éirigh sí, d'imigh léi, bhain di an fial, agus chuir a héide baintrí uimpi arís.

20. Agus chuir Iúdá an meannán lena chara an tAdullámach chun an geall a fhuascailt ó láimh na mná; ach ní bhfuair sé í.

21. D'fhiafraigh sé de mhuintir na háite: “Cá bhfuil an striapach choisricthe a bhíodh ar thaobh an bhóthair ag Éanaím?” D'fhreagraíodar: “Ní raibh aon striapach ansiúd.”

22. D'fhill sé ar Iúdá agus dúirt: “Ní bhfuair mé í; agus dúirt muintir na háite nach raibh aon striapach choisricthe ann.”

23. “Bíodh aici mar sin,” arsa Iúdá, “chun nach ndéanfaí ceap magaidh dínn; chuireas an meannán seo chuici, ach níor éirigh leat í a fháil.”

24. Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: “Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.” Dúirt Iúdá: “Tugtar amach í agus loisctear í!”

25. Nuair a bhí sí á breith amach, chuir sí scéala chun athair a céile: “An té ar leis na nithe seo is uaidh a toirchíodh mé.” Agus dúirt sí: “Féach, le do thoil, cé leis an séala, an corda agus an bata seo?”

26. D'aithin Iúdá iad agus a dúirt: “Tá sise fíréanta seachas mar atáimse; mar nár thug mé í do mo mhac Séalá mar chéile is ea a tharla sé seo.” Agus níor luigh sé léi níos mó.

27. Nuair a tháinig a hionú fuarthas cúpla ina broinn.

28. Nuair a bhí sí ina luí seoil chuir ceann acu a lámh amach, rug an bhean ghlún ar an láimh agus chas snáithín craorag uirthi á rá: “É seo is túisce a tháinig amach.”

29. Ach tharraing seisean a lámh ar ais, agus seo amach lena dheartháir ar dtús. Dúirt sí ansin: “Cad í mar bhearna a rinne tú duit féin!” Tugadh Bearna air dá bhrí sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 38