Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 38:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tharla faoin am seo gur fhág Iúdá a dheartháireacha agus go ndeachaigh sé síos chun fanacht tamall le hAdullámach darbh ainm Híorá.

2. Chonaic Iúdá ansiúd iníon Chanánaigh darbh ainm Seúa; phós sé í agus luigh léi.

3. Ghabh sí gin agus rug sí mac agus thug sí Éar mar ainm air.

4. Ghabh sí gin arís agus rug sí mac agus thug sí Ónán air.

5. Ghabh sí gin arís eile agus rug sí mac agus thug sí Séalá mar ainm air; nuair a rugadh eisean bhí sí i gCizíb.

6. Fuair Iúdá bean darbh ainm Támár dá chéadghin Éar.

7. Ach Éar, céadghin Iudá, coirpeach olc a ba ea é i láthair an Tiarna, agus mharaigh an Tiarna é.

8. Ansin dúirt Iúdá le hÓnán: “Gabh chugat bean do dhearthár agus déan mar is dual do dheartháir céile léi agus tóg clann do do dheartháir.”

9. Ach bhí a fhios ag Ónán nach leis féin aon chlann a ghinfí; agus nuair a théadh sé isteach chun mná a dhearthár scaoileadh sé a shíol uaidh ar an talamh chun nach dtabharfadh sé sliocht dá dheartháir.

10. Agus ba fhuath leis an Tiarna a ndearna Ónán agus mharaigh sé eisean mar an gcéanna.

11. Ansin dúirt Iúdá le Támár, bean a mhic: “Fill abhaile ar d'athair mar bhaintreach agus fan go bhfásfaidh mo mhac Séalá” - mar is é a bhí ina aigne aige: “Ní foláir féachaint chuige nach bhfaighidh sé bás dála a dheartháireacha.” D'imigh Támár dá bhrí sin agus chuir fúithi i dteach a hathar.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 38