31. Thógadar cóta Iósaef ansin, mharaíodar gabhar agus thumadar an cóta san fhuil.
32. Sheoladar an cóta leis na muinchillí fada ar ais le tabhairt dá n‑athair, leis an teachtaireacht: “Fuaireamar é seo; féach an é cóta do mhic é nó nach é.”
33. D'aithin an t‑athair é agus dúirt: “Is é cóta mo mhic é! D'alp ainmhí allta é! Tá Iósaef stollta ó chéile gan aon amhras.”
34. Stróic Iacób a chuid éadaigh ansin, chuir sé brat íochtair róin air féin, agus chaoin sé a mhac ar feadh mórán laethanta.
35. Tháinig a chlann mhac agus a chlann iníonacha go léir chuige le sólás a thabhairt dó, ach ní ghlacfadh sé sólás ar bith, á rá: “Ní dhéanfaidh mé. Rachaidh mé síos ag sileadh na ndeor go Seól fara mo mhac.” Sin mar a chaoin a athair é.
36. Faoin am seo bhí sé díolta san Éigipt ag na Midiánaigh le Póitífear, feidhmeannach le Forann agus captaen an gharda.