Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 37:23-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Nuair a tháinig Iósaef i láthair a dheartháireacha dá bhrí sin, bhaineadar a chóta de, an cóta leis na muinchillí fada a bhí á chaitheamh aige,

24. agus rugadar air agus chaitheadar i bpoll é. Bhí an poll folamh gan aon uisce ann.

25. Ansin shuíodar síos chun bia.Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.

26. Ansin dúirt Iúdá lena dheartháireacha: “Cén tairbhe dúinn ár ndeartháir a mharú agus a chuid fola a fholach?

27. Téanam díolaimis leis na hÍsméiligh é, ach ná leagaimis lámh air. Is é ár ndeartháir é, ár bhfeoil féin.” Agus ghéill a dheartháireacha dó.

28. Tharla gur ghabh ceannaithe Midiánacha an treo agus tharraingíodar Iósaef aníos as an bpoll agus dhíoladar é ar fiche seicil airgid leis na hÍsméiligh, agus thugadarsan Iósaef go dtí an Éigipt.

29. Nuair a d'fhill Reúbaen chun an phoill agus nach raibh tásc ná tuairisc ar Iósaef sa pholl, stróic sé a chuid éadaigh

30. agus d'fhill ar a dheartháireacha agus dúirt: “Tá an buachaill ar iarraidh, agus mise, cá rachaidh mé?”

31. Thógadar cóta Iósaef ansin, mharaíodar gabhar agus thumadar an cóta san fhuil.

32. Sheoladar an cóta leis na muinchillí fada ar ais le tabhairt dá n‑athair, leis an teachtaireacht: “Fuaireamar é seo; féach an é cóta do mhic é nó nach é.”

33. D'aithin an t‑athair é agus dúirt: “Is é cóta mo mhic é! D'alp ainmhí allta é! Tá Iósaef stollta ó chéile gan aon amhras.”

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 37