Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 37:15-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Bhuail fear leis agus é ar seachrán sna bánta agus d'fhiafraigh an fear de: “Cad tá tú a lorg?”

16. “Táim ar lorg mo dhearthaireacha,” ar sé. “Inis dom, le do thoil, cá bhfuil siad ag aoireacht a dtréada.”

17. “Tá siad imithe leo,” arsa an fear, “mar chuala mé iad á rá: ‘Téimis go Dotán.’ ” D'imigh Iósaef i ndiaidh a dheartháireacha ansin agus fuair sé iad i nDotán.

18. Chonaiceadar i bhfad uathu é agus sula dtáinig sé ina gcóngar rinneadar cogar ceilge é a mharú.

19. “Seo chugainn,” a dúradar le chéile, “fear na dtaibhreamh.

20. Téanaigí, maraímis é agus caithimis i bpoll éigin é; déarfaimid gur alp ainmhí allta é, agus feicfimid cad a tharlóidh dá chuid taibhreamh.”

21. Chuala Reúbaen an chaint sin agus shaor sé é óna lámha á rá: “Ná maraímis é.

22. Ná doirtigí aon bhraon fola,” arsa Reúbaen leo; “caithigí isteach sa pholl seo san fhásach é, ach ná himrígí lámh dhearg air” - mar sin is ea a labhair sé agus é ar intinn aige é a shaoradh óna lamha agus a thabhairt ar ais dá athair.

23. Nuair a tháinig Iósaef i láthair a dheartháireacha dá bhrí sin, bhaineadar a chóta de, an cóta leis na muinchillí fada a bhí á chaitheamh aige,

24. agus rugadar air agus chaitheadar i bpoll é. Bhí an poll folamh gan aon uisce ann.

25. Ansin shuíodar síos chun bia.Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.

26. Ansin dúirt Iúdá lena dheartháireacha: “Cén tairbhe dúinn ár ndeartháir a mharú agus a chuid fola a fholach?

27. Téanam díolaimis leis na hÍsméiligh é, ach ná leagaimis lámh air. Is é ár ndeartháir é, ár bhfeoil féin.” Agus ghéill a dheartháireacha dó.

28. Tharla gur ghabh ceannaithe Midiánacha an treo agus tharraingíodar Iósaef aníos as an bpoll agus dhíoladar é ar fiche seicil airgid leis na hÍsméiligh, agus thugadarsan Iósaef go dtí an Éigipt.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 37