1. Mhair Iacób sa tír inar chuir a athair faoi, i dtír Chanán.
2. Seo scéal Iósaef. Bhí Iósaef seacht mbliana déag d'aois. Mar go raibh sé óg fós, bhí sé ag aoireacht an tréada i dteannta a dheartháireacha, le clann mhac Bhileá agus Zilpeá, mná a athar. Thug Iósaef drochthuairisc orthu dá n‑athair.
3. Ba mhó an cion a bhí ag Iosrael ar Iósaef ná ar aon duine eile dá chlann mar gurbh é mac a sheanaoise é, agus rinne sé cóta le muinchillí fada dó.
4. Nuair a chonaic a dheartháireacha gur mhó an cion a bhí ag a n‑athair air ná ar aon duine eile dá chlann, thugadar fuath dó agus ní fhéadfaidís oiread is focal muinteartha a labhairt leis.
5. Rinneadh taibhreamh do Iósaef, más ea, agus d'inis sé dá dheartháireacha é, agus ba mhóide a bhfuath dó.
6. “Éistigí,” ar sé, “leis an taibhreamh a rinneadh dom.
7. Sea, bhíomar ag ceangal punann sa ghort. Agus an phunann seo agamsa, d'éirigh sí ina seasamh díreach; agus na punanna seo agaibhse, chruinníodar timpeall agus shléachtadar do mo phunannsa.”
8. Dúirt a dheartháireacha leis: “An amhlaidh atá tú chun a bheith i do rí orainn? Nó an amhlaidh atá tú chun a bheith i do thiarna orainn?” Is mó fós an fuath a thug siad dó de bharr a thaibhreamh agus a chuid cainte.
9. Rinneadh taibhreamh eile dó agus d'inis sé dá dheartháireacha é: “Féach! bhí taibhreamh eile agam,” ar sé. “Ba shiúd iad an ghrian agus an ghealach agus aon réalta dhéag ag sléachtadh dom.”