6. Thug Éasau leis a mhná agus a chlann mhac agus iníonacha agus líon a thí go léir, agus a thréada, agus a tháinte go léir agus an mhaoin go léir a bhí cruinnithe aige i dtír Chanán; d'imigh sé i gcéin óna dheartháir Iacób.
7. Óir bhí an iomad maoine bailithe acu chun fanacht le chéile. Níorbh fhéidir don dúiche ina rabhadar ag lonnú ann iad araon a chothú le líonmhaire a dtréad.
8. Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm.
9. Is iad seo sliocht Éasau, sinsear na nEadómach i Sliabh Shaeír.
10. Seo iad ainmneacha clann mhac Éasau: Eilífeaz mac Ádá, bean Éasau, agus Reúél mac Bhásamat, bean Éasau.
11. Ba iad clann Eilífeaz: Téamán Ómár, Zafó, Gatám agus Canaz.
12. Ba í Timneá leannán Eilífeaz mac Éasau, agus rug sí Amailéic dó. Agus is iadsan mic Ádá bean Éasau.
13. Seo iad clann mhac Reúél: Nachat agus Zarach, Seamá agus Mizeá. Is iadsan clann mhac Bhásamat, bean Éasau.