35. D'éag Huiseám, agus Hadad mac Badad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh, agus Aivit a ba ainm dá chathair.
36. D'éag Hadad agus tháinig Samlá, ó Mhasraecá, i réim ina dhiaidh.
37. D'éag Samlá, agus tháinig Seáúl ó Rachobót ar an Eofrataes ina dhiaidh.
38. D'éag Seáúl agus tháinig Bálchánán mac Acbór i réim ina dhiaidh.