Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 36:28-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Seo iad clann Dhiseán: Úz agus Arán.

29. Seo iad taoisigh na Hórach: an taoiseach Lótán, an taoiseach Seobál, an taoiseach Zibeon, an taoiseach Aná,

30. an taoiseach Diseón, an taoiseach Éisir, an taoiseach Diseán. Sin iad taoisigh na Hórach de réir a dtreibheanna i dtír Shaeír.

31. Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sula dtáinig aon rí Iosraelach i réim.

32. Bhí Beala mac Bheor ina rí ar Eadóm agus Dineábá a ba ainm dá chathair.

33. D'éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh.

34. D'éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh.

35. D'éag Huiseám, agus Hadad mac Badad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh, agus Aivit a ba ainm dá chathair.

36. D'éag Hadad agus tháinig Samlá, ó Mhasraecá, i réim ina dhiaidh.

37. D'éag Samlá, agus tháinig Seáúl ó Rachobót ar an Eofrataes ina dhiaidh.

38. D'éag Seáúl agus tháinig Bálchánán mac Acbór i réim ina dhiaidh.

39. D'éag Bálchánán mac Acbór agus tháinig Hadad i réim ina dhiaidh, agus Páú a ba ainm dá chathair. Mihéataibil iníon Mhatraed, iníon Mhé Záháb, a ba ainm dá bhean.

40. Seo iad ainmneacha taoisigh Éasau de réir a dtreibheanna agus a gcríoch ó ainm: an taoiseach Timneá, an taoiseach Alvá, an taoiseach Iataet,

41. an taoiseach Oholabámá, an taoiseach Éalá, an taoiseach Píonon,

42. an taoiseach Canaz, an taoiseach Téamán, an taoiseach Mibzeár,

43. an taoiseach Maigdiél, an taoiseach Íorám. Sin iad taoisigh Eadóm, de réir a n‑áitreabh sa tír ba leo; sé Éasau sinsear Eadóm.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 36